
|
 |
 |
|
Táirgí eile ó PRSAs |
|
Sonraigh le do thoil an rogha is fearr leat ar leathanach
Beart Eolais
Tá na táirgí seo a leanas ar fáil chomh maith le Táille Bainistíochta Bhliantúil 1%
tríd an suíomh seo agus tá frithghealltanas tugtha ag Zurich Life dóibh.
Tá táille bainistíochta níos airde ag Cistí Seachtracha. Níl Cistí Cosanta ar fáil ach
ar ghnó Préimhe singile agus tá táille bainistíochta níos airde acu.
Pinsin Phearsanta
A dtugtar Conradh Blianachta Scoir (RAC) orthu chomh maith, is cineál pinsin ranníocaíochta
shainithe a mbíonn a luach ag tráth an scoir ag brath ar na ranníocaíochtaí a rinneadh agus ar an aschur a baineadh amach.
Tá tú i dteideal RAC a thógáil amach má tá “Tuillimh Ábhartha” agat ó fhostaíocht neamh-inphinsin nó
ó cheird fhéinfhostaithe nó proifisiún.
Ní féidir le daoine nach bhfuil “tuillimh ábhartha” acu RAC a thógáil amach, ach is féidir leo
PRSA a thógáil amach.
Pinsean Feidhmiúcháin
Is plean ranníocaíochta sainithe é seo, ina n-infheistítear ranníocaíochtaí uaitse (fostaí) agus ó do
chuideachta (fostóir) chun ciste a chur ar fáil duit tráth do scoir.
Beidh do phinsean ag brath ar na ranníocaíochtaí a rinneadh, ar an aschur a baineadh amach, ar do thuarastal, fad do sheirbhíse leis an
gcuideachta agus costas an “phinsin” tráth do scoir.
AMRF & ARFs
Ligeann na táirgí seo duit do chiste pinsin a infheistiú arís agus airgead a thógáil nuair a bhíonn gá leis.
Níl ioncam ráthaithe ach d’fhéadfaidís a bheith oiriúnach do phleanáil cánach agus eastáit.
D’fhonn cáiliú do Chiste Scoir Ceadaithe, ní mór ioncam ráthaithe bliantúil €12,700 a bheith agat. Mura bhfuil
an t-ioncam sin agat, caithfidh tú €63,500 de do chiste a infheistiú in Íoschiste Scoir Ceadaithe. Agus é sin déanta agat, féadfaidh tú an chuid eile de do chiste
a infheistiú in ARF.
Caveat
Cé nach féidir leis an táille bainistíochta 1% ardú ar PRSA, coimeádann Zurich Life de cheart acu féin an táille 1% a athrú ar
Phinsin Phearsanta, ar Phinsin Fheidhmiúcháin, ar Chonarthaí AMRF agus ARF.
Tá sé seo ar aon dul le gach soláthróir táirgí. Má tharlaíonn a leithéid de chás, cuirfidh siad ar aon athrú in iúl duit i scríbhinn.
|
|
|