Leathanach Baile | Doiciméid le hÍoslódáil | Muirir | As Bearla

Leathanach Baile
Téarmaí Gnó
Táirgí Eile
Iarr Beart Eolais
Síntiús Roghnach

An bhFuil d’Obair Bhaile Déanta Agat?

  • Is éard atá mar aidhm leis an láithreán gréasáin seo ná saoráid a chur ar fáil do na daoine sin a bhfuil tuiscint acu ar a gcuid riachtanas airgeadais féin chun Gnáth-Chuntas Coigiltis Pearsanta Scoir a cheannach gan na costais a bhaineann le comhairle airgeadais.
  • Mura dtuigeann tú cén fáth ar cheart duit coigilt trí PRSA nó céard iad na cistí infheistíochta is oiriúnaí do do phróifíl riosca, tá tú san áit mhícheart. Ní bhfaighidh tú aon chomhairle anseo.
  • Más gá duit taighde breise a dhéanamh, is féidir leat eolas níos ginearálta a fháil faoi PRSAnna ón mBord Pinsean ag: www.pensionboard.ie. Gheobhaidh tú beart eolais chomh maith (lena n-áirítear roghanna ciste) ach iarratas a chur isteach
  • Más eolas sonrach atá uait, ansin is féidir leat logáil isteach ar fhóram PRSA ar www.askaboutmoney.ie, agus eolas a fháil saor in aisce, nó is féidir leat labhairt le comhairleoir i do cheantar áitiúil, duine a ghearrfaidh táille ort.
  • Is seirbhís Forghníomhaithe, agus sin amháin, í an tseirbhís seo agus is idir tú féin agus an táirgeoir táirgí a bheidh an conradh.
  • Is le Zurich Life atá an conradh ar fáil ar na téarmaí seo agus mar sin, ní ceart glacadh leis gur moladh atá ann.

Naisc Úsáideacha maidir le PRSAnna

 
An Bord Pinsean
Ask About Money
An Rialtóir Airgeadais
Eolas do Shaoránaigh
Na Coimisinéirí Ioncaim
IAPF Infosource
An Roinn Leasa Shóisialaigh
Invest and Save
Bond.ie
Cé go gcreidimid go gcabhróidh na naisc leat agus taighde á dhéanamh agat, ní féidir linn a bheith freagrach as ábhar atá ar láithreáin ghréasáin sheachtracha.

Golden Spiders Shortlisted 2007

PRSAS 2008 Barr 50 Gno Le Gaeilge

Cóipcheart 2007 - Gerard Sheehy
Tá Gerard Sheehy faoi rialú an Rialtóra Airgeadais.